An Saol Ó Dheas & Caint sa Chearnóg

An Saol Ó Dheas & Caint sa Chearnóg

“An Saol ó Dheas”

Ar an gCéadaoin, 1ú Meitheamh, tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag teacht chomh fada le Lios Tuathail chun eagrán speisialta den chlár “An Saol ó Dheas” a chraoladh beo mar chuid de Sheachtain na Scríbhneoirí 2022.

Beidh blaiseadh le fáil de Chlár na Féile roimh an Ocailt Oifigiúil trathnóna. Labhróidh roinnt de mhuintir na háite le Helen Ní Shé faoin saol i Lios Tuathail agus déanfar ceiliúradh freisin ar leath chéad bliain RnaG ar an bhfód.

Beidh aíonna go leor i láthair don ócáid speisialta seo, ina measc na filí áitiúla Gabriel Fitzmaurice & Séamus Barra Ó Súilleabháin, agus duine de laochra mór na Ríochta, Darragh Ó Sé.

Beidh an craoladh beo ar siúl in Amharclann & Ionad Ealaíona Naomh Eoin ar an gCéadaoin, 1ú Meitheamh ó 12.00 meán-lae go 1.00i.n.

Bí linn don cheiliúradh! Tá fáilte roimh cách le bheith sa lucht éisteachta – saor chead isteach.

RTÉ Raidió na Gaeltachta in collaboration with Listowel Writers’ Week will broadcast a special edition of An Saol Ó Dheas from St John’s Theatre & Arts Centre on Wednesday 1st June at 12 midday.

Join us to celebrate the beginning of Seachtain na Scríbhneoirí 2022 and the 50th birthday of Radio na Gaeltachta.

Guests will include Gabriel Fitzmaurice, Séamus Barra Ó Súilleabháin and Darragh Ó Sé.

All are welcome to join our audience. Free entrance.

 

Caint sa Chearnóg

Tá áthas ar an bhFochoiste, An Choiste Gaelach, imeacht nua a reachtáil ar chlár na féile i mbliana mar chuid de Sheachtain na Scríbhneoirí  – ‘Caint sa Chearnóg’.

Is é an file áitiúil, Séamus Barra Ó Súilleabháin, a bheidh ina fhear an tígh ar an ócáid seo, ina gcuirfear na haíonna Aoife Granville, Sláine Ní Chathalláin agus Darragh Ó Sé faoi agallamh.

Déanfar cur agus cúiteamh, ag leagann béim ar an tionchar atá ag a dteanga dúchais ar a gcuid réimsí saoil éagsúla.

Reacháilfear ‘Caint sa Chearnóg’ in Amharclann & Ionad Ealaíona Naomh Eoin ar an Satharn, 4ú Meitheamh, ag 5.00i.n. agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh uair a’chloig.

Ticéid €15 ar fáil anseo:

https://www.eventbrite.ie/e/caint-sa-chearnoig-tickets-333617026507

Caint sa Chearnóg

The Committee, An Choiste Ghaelach is delighted to bring a new event to the 2022 Listowel Writers’ Week programme of events – Caint sa Chearnóg. Fear an Tí and local poet Séamus Barra Ó Suileabháin will chat with Aoife Granville, Sláine Ní Chathaláin and

Darragh Ó Sé about their lives and the influence of the Irish language in their individual fields.

Caint sa Chearnóg will run for an hour from 5 pm on Saturday, 4th June at St John’s Theatre and Arts Centre.

Tickets are €15 and available from:

https://www.eventbrite.ie/e